Tagann an tAire Iompair Eamon Ryan TD agus an tAire Stáit Jack Chambers TD le chéile le Leas-POF an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI) Hugh Creegan chun maoiniú €290m d’údaráis áitiúla ar fud na hÉireann a fhógairt chun feidhmiú céimneach an bhonneagair siúil agus rothaíochta a thacú sa bhliain 2024.

Ciallaíonn an leithdháileadh is déanaí seo gurb í 2024 an bhliain a shroicheann infheistíocht iomlán an Rialtais do bhonneagar taistil ghníomhaigh €1b ón mbliain 2020 i leith. Chonaic an infheistíocht seo os cionn 600km de bhonneagar rothaíochta, siúil agus rothaithe curtha ar fáil ón mbliain 2020 i leith faoi Chlár Taistil Ghníomhaigh an ÚNI.

Maoineoidh an Clár Infheistíochta Taistil Ghníomhaigh don bhliain 2024 thart ar 800 tionscadal Taistil Ghníomhaigh nua agus reatha.

Áirítear le roinnt mór-thionscadail a cuireadh i gcrích sa bhliain 2023 Droichead na mBradán i gCathair na Gaillimhe, Scéim Bhóthar de hÍde i gCathair Luimnigh, Scéim Feabhsúcháin Iompair Phoiblí Shráid Mhic Curtáin i gCathair Chorcaí, Scéim Bóthair Bhóthar Ard Mór sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, agus síneadh 450 méadar den tSlí Soghluaisteachta Cósta i nDún Laoghaire.

Áirítear le roinnt mór-thionscadal a fuair maoiniú sa bhliain 2024 Rotharbhealach Fionnradharc go Sráid Amiens i mBaile Átha Cliath (cuid den Tionscadal Cluain Tarbh go Lár na Cathrach), Áiseanna Coisithe agus Rothaíochta Phromanáid na Muiríne i gCorcaigh, an Scéim Rothaíocht Bóthair Bhóthar an Athar Ruiséil i Luimneach, tionscadal Athghiniúna Uirbeach Phort Láirge agus Ceantar Máguaird i bPort Láirge, Forbairt Baile Bhealach an Doirín i gContae Ros Comáin, agus an scéim Taistil Ghníomhaigh Aon-Treo i nDún na nGall.

Chomh maith leis na forbairtí beartaithe i gcathracha, bainfidh pobail fud fad na tíre leas as an bhfógra inniu. Ar an iomlán, ligfidh an leithdháileadh maoinithe 2024 don Taisteal Gníomhach do dhul chun cinn 261 tionscadal i Mórlimistéar Bhaile Átha Cliath agus os cionn 540 tionscadal ar fud chuid eile na tíre.

Feicfidh na Tionscadail Pathfinder Taistil Ghníomhaigh dul chun cinn le linn na bliana 2024, agus an chuid is mó ag dul leis an bpleanáil nó, maidir leo siúd a bhfuil cead pleanála acu cheana féin, tús a chur leis an tógáil.  Áirítear le samplaí:

  • An Scéim Cnoc Lín go Tamhlacht i mBaile Átha Cliath 24,
  • An Scéim Plásóg na Feá/Ascaill Chluain Ard i Loch Garman,
  • Scéim Bóthar an Bhaile Nua Céim 1 agus Bóthar Bhaile an Róistigh i Loch Garman.
  • Longfort (dhá scéim)
  • An Iarmhí (dhá i mBaile Átha Luain agus dhá sa Mhuileann gCearr).

Ag labhairt ag an bhfógra, dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan: “Príomhghealltanas sa Chlár don Rialtas agus rud atá mar bhunchloch ár straitéise Iompair Náisiúnta le blianta beaga anuas is ea an díograis an siúl, rothaíocht agus gabháil thart ar áis siúil le rothaí uirthi a dhéanamh níos sábháilte agus níos inrochtana ar fud na tíre. Is iontach an rud go mbainfimid an sprioc infheistíochta de €1bn amach. Tá tionchar na hinfheistíochta leanúnach agus suntasach le feiceáil inár mbailte, sráidbhailte agus cathracha, áiteanna a bhfuil tionscadail mhóra agus bheaga á soláthar againn atá ag athrú na háiteanna ina bhfuilimid inár gcónaí, agus iad a dhéanamh níos áille, níos sábháilte agus níos sláintiúla. I measc na cathracha agus bailte is áille ar domhan, tá na cathracha a thugann tús áite don taisteal gníomhach agus anois, is féidir le go leor áiteanna eile anseo in Éirinn páirt áit a ghlacadh ar an liosta seo d’áiteanna iontacha le cuairt a thabhairt air agus le bheith i do chónaí ann.”

Dúirt an tAire Chambers: “Tá áthas orm a fhógairt gur leithdháileadh maoiniú €20 milliún ar an gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile, ag cur áiseanna rothaíochta agus siúil níos sábháilte ar fáil do go leor scoileanna ar fud na tíre.  Go dtí seo, cuireadh 50 tionscadal i gcrích faoi Bhabhta 1 agus 2 den Chlár agus tá na leasanna sláinte agus folláine do pháistí agus tuismitheoirí le feiceáil cheana féin i scoileanna i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Táim ag tnúth le tuilleadh bonneagair á chur ar fáil ag scoileanna a fheiceáil chun páistí agus tuismitheoirí a spreagadh an siúl nó an rothaíocht a roghnú le haghaidh a dturais laethúla, chomh maith leis an réimse leathan tionscadal taistil ghníomhaigh eile atá á maoiniú mar chuid d’fhógra an lae inniu.”

Dúirt Hugh Creegan, Leas-POF an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Bliain cloiche míle a bheidh sa bhliain 2024 don taisteal gníomhach in Éirinn. Le linn na bliana seo, sáróidh infheistíocht iomlán ag an ÚNI sa bhonneagar siúil agus rothaíochta ón mbliain 2020 an figiúr €1bn.

“Ag cur leis an dul chun cinn le blianta anuas, cinnteoidh an €290m a chuirfear ar fáil i mbliana go gcuirfear lánaí rothar agus cosáin ar fáil, chomh maith le droichid coisithe agus rothaíochta ar fud na tíre. Beidh sé níos éasca agus níos sábháilte ná riamh dul ag rothaíocht, ag siúl nó ar áis siúil a bhfuil rothaí orthu laistigh agus lasmuigh dá gceantar áitiúil mar gheall ar na tionscadail taistil ghníomhaigh seo go léir.

“ Oibreoidh an ÚNI taobh le húdaráis áitiúla chun cabhrú leis na tionscadail a chur ar fáil a tugadh maoiniú dóibh agus deiseanna breise le linn na bliana a aithint a chabhróidh le daoine a spreagadh modhanna iompair inbhuanaithe a roghnú.”

Is féidir teacht ar liosta iomlán na dtionscadal Taistil Ghníomhaigh a fhaigheann maoiniú ar: https://www.nationaltransport.ie/publications/active-travel-investment-grants-2024-allocations/