Tugann ÚNI faoin suirbhé is mó riamh in Éirinn ar shiúl, ar ghabháil thart ar ais siúil ar a bhfuil rothaí agus ar rothaíocht

Is é os cionn €3bn an tairbhe eacnamaíoch bliantúil a bhaineann le siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus rothaíocht sna cúig Limistéar Cathrach gach bliain.

D’fhoilsigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu torthaí an tsuirbhé is mó riamh in Éirinn ar shiúl, ar ghabháil thart ar ais siúil ar a bhfuil rothaí agus ar rothaíocht. Nochtar sa suirbhé sin go mbaintear 680,000 carr de na bóithre gach lá sna cúig chathair is mó in Éirinn le siúl agus rothaíocht.

Soláthraíonn an tInnéacs Siúil agus Rothaíochta an measúnú is fairsinge ar siúl, ar ghabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus ar rothaíocht in Éirinn – tagraíonn rothaí d’úsáid áiseanna soghluaisteachta ar a bhfuil rothaí. Agus é soláthraithe i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla, an Údarás Náisiúnta Iompair agus an charthanacht iompair inbhuanaithe Sustrans, leathnaíodh an tInnéacs anuraidh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath chun Mórcheantair Uirbeacha Chorcaí, na Gaillimhe, Luimnigh/na Sionainne agus Phort Láirge a chur san áireamh. Tá tuarascálacha a foilsíodh inniu curtha le chéile ag 18 réigiún cathrach sa Ríocht Aontaithe lena n-áirítear Learpholl, Manchain agus Glaschú.

Sna Limistéir Chathrach go léir sa stát, siúlann níos mó ná leath na ndaoine fásta cúig lá nó níos mó sa tseachtain, agus bíonn 15% ar a laghad ag rothaíocht uair sa tseachtain, agus ba mhaith le thart ar chónaitheoir amháin as gach beirt dul ag siúl níos mó nó gabháil thart níos mó ar ais siúil ar a bhfuil rothaí, agus ba mhaith le thart ar thrian díobh dul ag rothaíocht níos mó.

Léirítear sna tuarascálacha freisin leibhéal ard tacaíochta do chaiteachas rialtais níos mó ar shiúl agus ar ghabháil thart ar ais siúil ar a bhfuil rothaí, is é sin idir 74% i Mórcheantar Uirbeach Bhaile Átha Cliath go 68% i Mórcheantar Uirbeach Phort Láirge.  Tugadh leibhéal tacaíochta comhchosúil faoi deara chomh maith do chaiteachas ar rothaíocht a bhí idir 77% go 61%, i gcodarsnacht le tacaíocht do chaiteachas rialtais níos mó ar thiomáint, a bhí idir 40% go 24% ar fud na 5 limistéar Cathrach

Gach bliain, mar gheall ar dhaoine a bheith siúl, ag gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus a bheith ag rothaíocht inár Limistéir Chathrach nuair a d’fhéadfaidís bheith ag tiomáint, cuirtear cosc ar 5,844 riocht sláinte tromchúiseach fadtéarmach ar an iomlán, agus is ionann é sin agus coigilteas costais do FSS atá comhionann le 1,600,000 coinne dochtúra. Is é os cionn €3bn an tairbhe eacnamaíoch bliantúil mar gheall ar dhaoine a bheith ag siúl, ag gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus ag rothaíocht sna cúig Limistéar Cathrach gach bliain. San Innéacs Siúil agus Rothaíochta, úsáidtear samhail chun na costais agus na buntáistí a bhaineann le tiomáint, siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus rothaíocht a thuiscint agus cuimsítear sna hionchuir am taistil, costais oibriúcháin feithiclí, tairbhí sláinte, an caighdeán aeir agus cánachas.

Fuarthas sa tuarascáil gur shábháil siúl, rothaí agus rothaíocht 160,000 tona ar an iomlán d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud na 5 Limistéar Cathrach

Fuarthas sa tuarascáil freisin gur shábháil siúl, rothaí agus rothaíocht 160,000 tona ar an iomlán d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud na 5 Limistéar Cathrach, arb ionann é agus 2,200,000 eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Londain.

Ar fud na 5 Cheantar Cathrach in Éirinn, thug cónaitheoirí freagraí den chineál céanna ar cad a chuideodh leo dul ag siúl nó dul thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí níos minice – dromchlaí cosáin níos fearr lena n-áirítear colbhaí íslithe ag pointí trasnaithe, níos mó páirceanna agus spásanna glasa gar don bhaile, agus áiteanna níos deise ar feadh sráideanna le stopadh acu agus scíth a ligean acu.  Thug cónaitheoirí freagraí comhchosúla ar cad a chuideoidh leo bheith ag rothaíocht níos minice – feabhsúchán infreastruchtúir ar nós cosáin saor ó thrácht trí pháirceanna nó glasbhealaí, rotharbhealaí le comharthaí feadh sráideanna níos ciúine, agus raonta rothar feadh bóithre atá scartha go fisiceach ón trácht agus ó choisithe.

I measc na gcónaitheoirí sna limistéir chathrach ar fad, bhí tacaíocht láidir ann do raonta rothar dá leithéid a thógáil fiú má chiallaíonn sé sin níos lú spáis do thrácht eile – ó 88% agus 69%.

 

Baile Átha Cliath

Gach lá, déantar beagnach 530,000 turas fillte siúil agus rothaíochta i Limistéar Cathrach Bhaile Átha Cliath ag daoine ar féidir leo carr a úsáid. Dá mbeadh na carranna sin go léir i bplódú tráchta, bheadh sé ag síneadh siar 2,500 ciliméadar. Is ionann é sin agus 9 n-oiread an fhaid ó chathair Bhaile Átha Cliath go Cathair Chorcaí.  Bíonn 71% de chónaitheoirí Bhaile Átha Cliath ag siúl nó ag gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí cúig lá sa tseachtain ar a laghad, agus téann 25% díobh ag rothaíocht uair sa tseachtain ar a laghad.

 

Corcaigh

I Innéacs Siúil agus Rothaíochta Chorcaí, fuarthas go sábhálann an siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus an rothaíocht 18,000 tona astaíochtaí gás ceaptha teasa i gCorcaigh gach bliain. Is ionann é sin agus thart 227,000 cónaitheoir ag dul ar eitilt ó Aerfort na Chorcaí go London Heathrow Airport.

Fuarthas sa tuarascáil freisin go gcruthaíonn an siúl agus an rothaíocht tairbhe eacnamaíoch de €401.6 milliún do dhaoine aonair agus do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Áirítear leis sin glantairbhe eacnamaíoch €1.40 do gach km a rothaítear seachas a thiomáintear agus glan-tairbhe eacnamaíoch €0.93 do gach km a shiúltar seachas a thiomáintear.

 

Luimneach – An tSionainn

Léirítear sa tuarascáil na tairbhí a bhaineann leis an siúl agus an rothaíocht do na Limistéir Chathrach, agus tairbhí na gníomhaíochta fisicí a bhaineann leis an siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus an rothaíocht i Mórcheantar Luimnigh-na Sionainne, rud a sheachnaíonn 320 riocht sláinte fadtéarmach go bliantúil, a bhfuil luach €4.54 milliún orthu – agus is ionann é sin agus an costas os cionn 83,100 coinne dochtúra.

Léiríodh san Innéacs gur féidir le roghanna taistil na gcónaitheoirí a bheith difriúil idir grúpaí éagsúla. I Mórcheantar Luimnigh-Sionainne siúlann nó rothaíonn 48% de na cónaitheoirí faoi mhíchumas cúig lá sa tseachtain ar a laghad i gcomparáid le 53% de na cónaitheoirí nach bhfuil faoi mhíchumas agus téann 8% de na cónaitheoirí faoi mhíchumas ag rothaíocht uair amháin sa tseachtain ar a laghad, i gcomparáid le 16% nach bhfuil faoi mhíchumas. Téann 10% de mhná agus 20% d’fhir ag rothaíocht uair amháin sa tseachtain ar a laghad.  Bhí an bhearna inscne sin sa rothaíocht le sonrú ar fud na 5 limistéar Cathrach.

 

Gaillimh

Léiríodh in Innéacs Siúil agus Rothaíochta Mhórcheantar na Gaillimhe go siúlann nó go rothaíonn 60% de na cónaitheoirí cúig lá sa tseachtain ar a laghad, agus go dtéann 20% díobh ag rothaíocht uair amháin sa tseachtain ar a laghad. Tá fianaise ann go bhfuil cónaitheoirí i bhfabhar tuilleadh bonneagair rothar cosanta a fhorbairt laistigh de Mhórcheantar na Gaillimhe, agus tá 88% de chónaitheoirí i bhfabhar tuilleadh raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ón trácht agus ó choisithe, fiú má tá níos lú spáis ann do thrácht eile.

Port Láirge

I Mórcheantar Phort Láirge, tá 63% de na cónaitheoirí i bhfabhar infheistíocht sa bhreis sa bhonneagar rothaíochta agus tá 68% díobh i bhfabhar infheistíocht sa bhreis sa bhonneagar siúil agus gabhála thart ar áis siúil a bhfuil rothaí uirthi. Tagann sé seo chun cinn le linn éilimh ar thaisteal gníomhach atá ag fás agus 53% ag léiriú a bhfoinn a bheith ag siúl nó ag gabháil thart ar áis siúil a bhfuil rothaí uirthi amach anseo, agus 31% ag léiriú a bhfoinn tuilleadh rothaíochta a dhéanamh.

Is léir go bhfuil an t-aistriú i dtreo taisteal gníomhach ag cuidiú le cathracha Níos inbhuanaithe agus níos inrochtana a chruthú agus le sláinte agus folláine ár bpobal a fheabhsú

Ag fáilte á chur aige roimh fhoilsiú an Innéacs Siúil agus Rothaíochta, dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan: “Soláthraítear san Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí ó ÚNI léargas dearfach ar an líon atá ag méadú de dhaoine a bhíonn ag siúl, ag gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus ag rothaíocht gach lá inár gcathracha is mó. Is léir go bhfuil an t-aistriú i dtreo taisteal gníomhach ag cuidiú le cathracha níos inbhuanaithe agus níos inrochtana a chruthú agus le sláinte agus folláine ár bpobal a fheabhsú.

“Le hinfheistíocht leanúnach an Rialtais i mbonneagar taistil ghníomhaigh, is féidir linn cuidiú le níos mó daoine a spreagadh inár gcathracha chun siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí nó rothaíocht laistigh dá bpobail a roghnú.  Leis sin, tugtar an deis dúinn ár gcuid cathracha a athshamhlú mar áiteanna níos sábháilte agus níos glaine arna ndearadh thart ar riachtanais na ndaoine, seachas riachtanais na gcarranna amháin.” 

Siúil agus rothaíochta a rolladh amach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh, i bPort Láirge agus i gceantair eile ar fud na hÉireann

Dúirt Anne Graham, POF ÚNI: “Táimid sásta an suirbhé is mó ar an siúl, gabháil thart ar áis siúil a bhfuil rothaí uirthi agus an rothaíocht in Éirinn. Le cúpla bliain anuas, tá an ÚNI ag obair le húdaráis áitiúla ar fud na tíre chun bonneagar sábháilte coisithe agus rothar a chur ar fáil a spreagann tuilleadh daoine chun dul i mbun an taistil ghníomhaigh.

“Is léir ón Innéacs Siúil agus Rothaíochta is déanaí go bhfuil níos mó daoine sna cúig chathair is mó in Éirinn ag iarraidh dul rothaíocht agus ag siúl gach lá. Trí dhaoine a spreagadh taisteal gníomhach a ghlacadh mar chuid dá dturas laethúil, is féidir linn go léir ár ról a ghlacadh maidir le todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú. Leanfaidh an ÚNI le dlús a chur lenár n-iarrachtaí bonneagar siúil agus rothaíochta a rolladh amach i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh, i bPort Láirge agus i gceantair eile ar fud na hÉireann.”

 

Dúirt Matt Winfield, Príomhoifigeach Oibriúcháin Sustrans: “Tá lúcháir orm an dóigh a bhfuil an taisteal gníomhach ag forbairt in Éirinn a fheiceáil agus fáiltím roimh rannpháirtíocht na gcúig Limistéar Cathrach i gcomhpháirtíocht an Innéacs. Ag Sustrans, is é ár misean é a dhéanamh níos fusa do dhaoine dul ag siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus dul ag rothaíocht, agus is ábhar misnigh é tacaíocht an-suntasach mhuintir na hÉireann don Taisteal Gníomhach a fheiceáil. Léirítear le líon na gcónaitheoirí ar mian leo dul ag siúl, gabháil thart ar áis siúil ar a bhfuil rothaí agus dul ag rothaíocht níos mó a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar maith chun é a dhéanamh níos éasca an carr a fhágáil sa bhaile agus taisteal go gníomhach. Tá ról ríthábhachtach ag bonneagar níos fearr chun áiteanna níos inbhuanaithe agus níos beoga a chruthú chun cónaí agus chun oibriú iontu. Táimid ag tnúth le leanúint lenár gcuid oibre leis an ÚNI agus le húdaráis áitiúla chun taisteal gníomhach ar fud na hÉireann a mhéadú.”

Is féidir rochtain a fháil ar Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2023 anseo.