Seolann an tÚdarás Náisiúnta Iompair Seachtain na Rothar 2023

Beidh gníomhaíochtaí ar siúl ón Satharn an 13 Bealtaine go dtí an Domhnach an 21 Bealtaine

D’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair mionsonraí inniu faoi Sheachtain na Rothar 2023, a bheidh ar siúl ón Satharn an 13 Bealtaine go dtí an Domhnach an 21 Bealtaine.

900 ócáid speisialta

Ceiliúradh bliantúil agus cur chun cinn thairbhí na rothaíochta is ea Seachtain na Rothar, ar lena linn a chuirfear breis agus 900 ócáid speisialta ar fud na tíre, lena n-áirítear ócáidí teaghlaigh, babhtaí rothaíochta oidhreachta, ceardlanna cothabhála agus ócáidí teagaisc rothaíochta.

Tá páirt ag gach ceann den 31 limistéar údaráis áitiúil i Seachtain na Rothar, agus ócáidí á n-eagrú i gcomhpháirt ag na húdaráis áitiúla agus ag comhpháirtíochtaí áitiúla spóirt.

Dúirt Anne Graham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair: “Is é is Seachtain na Rothar ann ná deis thábhachtach le béim a leagan ar thairbhí na rothaíochta mar chineál sláintiúil inbhuanaithe iompair do gach duine sa phobal. Tá sé go hiontach amharc ar an gcaidreamh dearfach ar fad ó gach ceann de na hÚdaráis Áitiúla agus na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt, rud a chabhraigh le Seachtain na Rothar dul ó neart go neart.

“Ós rud é go mbeidh an oiread sin ócáidí ar siúl ar fud na tíre, is amhlaidh a bheidh rud éigin ann do chách. Idir fhéilte rothaíochta teaghlaigh agus bhabhtaí rothaíochta pobail a bhfuil tóir orthu, agus idir bhabhtaí rothaíochta oidhreachta áitiúla, bhabhtaí rothaíochta glasbhealaigh agus ócáidí scoile, mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh iontu sin uile.”

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Iompair: “Tá Seachtain na Rothar ag dul ó neart go neart.  Tá sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil an oiread sin gníomhaíochtaí á gcur ar siúl ar fud na tíre, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine ar an leibhéal áitiúil as a gcuid oibre ar Sheachtain na Rothar 2023 a sholáthar.

“Rud tábhachtach is ea an rothaíocht maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide, ach tá níos mó i gceist leis an rothaíocht ná an méid sin.  Tá ról le himirt ag an rothaíocht freisin sa trácht a bhaint dár gcuid cathracha agus bailte, agus feabhas á chur orthu mar áiteanna le cónaí iontu agus feabhas á chur ar cé chomh héasca is atá sé taisteal thart iontu.”

Na buaicphointí de Sheachtain na Rothar 2023

Ar na buaicphointí de Sheachtain na Rothar 2023 tá an Babhta Rothaíochta Cuimsithí Blaiste i bPáirc an Fhionnuisce, Paráid agus Féile Rothar Pedalpalooza i mBaile Átha Cliath, an Babhta Rothaíochta agus Tumadh sa Chlár, an Turas Ealaíne Sráide i gCorcaigh, an Babhta Rothaíochta Glasbhealaigh Spinning Sixties i Luimneach, Amhrán na nÉan de Rothar (Ceiliúr na Camhaoire) i Sligeach, agus an Rolladh Mall i Loch Garman.

ASeachtain na Rotharr na hócáidí eile a bheidh ar siúl ar fud na tíre tá:

  • Babhta Rothaíochta Spraoi Rothar Seanré i Laois
  • Rothaíocht chun an tSacair i Maigh Eo
  • Babhta Rothaíochta Tae Bhig i bPort Láirge
  • Turas Ealaíne Sráide i gCorcaigh
  • Tóraíocht Taisce ar Rothar i dTiobraid Árann

Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun a fheiceáil cé na hócáidí a bheidh ar siúl i do chontae, téigh chuig www.bikeweek.ie

Moltar do gach duine a ghlacann páirt i Seachtain na Rothar a gcuid grianghraf nó físeán a chomhroinnt leis na meáin shóisialta trí #SeachtainNaRothar a úsáid agus trína n-údarás áitiúil agus Transport for Ireland @TFIUpdates a chlibeáil.