Bealaí nua TFI NS1 agus NS2, ag seoladh 18 Deireadh Fómhair.

Inis

Beidh do bhealaí nua ag freastal ar cheantair lena n-áirítear Bóthar na Tulaí, Ospidéal na hInse, Páirc Chíosóg, Lár Bhaile na hInse agus Stáisiún na hInse, agus seirbhísí ag imeacht gach 30 nóiméad, 7 lá na seachtaine. Is é City Direct a oibríonn na seirbhísí seo thar ceann TFI.

Nuashonrú ar Stadanna Bhóthar na Tulaí ar Bhealach NS2

Cuirtear in iúl do phaisinéirí nach bhfuil na stadanna seo a leanas ar Bhealach NS2 ar Bhóthar na Tulaí i mbun seirbhíse faoi láthair:

  • An Cheapach Ard Stad 11813 (soir)
  • An Seandún Stad 11810 (siar)
  • Mullach an Chnoic Stad 14797 (ceann aistir)

Cuirtear in iúl do phaisinéirí freisin nach bhfuil Stad Ros Laobháin 11815 (sa treo soir) i mbun seirbhíse faoi láthair. Tá stad sealadach curtha ar fáil thart ar 120 m siar ó shuíomh an stad bhuain.

Táimid i mbun oibre chun na stadanna sin a chur i mbun seirbhíse a luaithe is féidir agus gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht. Go raibh maith agat as d’fhoighne agus as bheith tuisceanach.

Tiocfaidh Bealach Bus NS1 TFI in áit Bhealach Nasc Áitiúil C6C TFI ón Luan, an 19 Deireadh Fómhair 2026.

Beidh Bealach C6C á reáchtáil don uair dheireanach Dé Sathairn, an 17 Deireadh Fómhair 2026.

Léarscáil:

Ennis-Leap-Card-A4-Map-IRISH-2048x1448

 

ÍOSLÓDÁIL LÉARSCÁIL PDF SEIRBHÍSÍ BHAILE NA HINSE

ÍOSLÓDÁIL LÉARSCÁIL PDF SEIRBHÍSÍ BHAILE NA HINSE GA (Gaeilge)

Forbhreathnú ar an mBealach:

  • NS1: Baile Uí Mháille – Bóthar an Ghoirt – Ospidéal Ginearálta na hInse – Bóthar Leifir – Páirc Chíosóg – Lár Bhaile na hInse – Stáisiún na hInse – Coláiste Fhlannáin – Droichead an Chláir
  • NS2: Bóthar na Tulaí – Páirc Chíosóg – Lár Bhaile na hInse – Stáisiún na hInse – Coláiste Fhlannáin – Bóthar Chill Rois – Bóthar na Cloiche Léithe – Bóthar Sheanbhoithe

Amchláir:

Eolas ar Tháillí:

Cineál Táille Airgead Tirim Táille Leap
Duine Fásta €2.00 €1.50
Aosach Óg / Mac Léinn N/B €0.75
Leanbh €0.90 €0.65

Glactar leis an gCárta Leap TFI do Leanaí (5–8) ar an tseirbhís seo.
Taistealaíonn sealbhóirí an Chárta Seirbhíse Poiblí Saorthaistil agus leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois saor in aisce.
Is féidir le paisinéirí taitneamh a bhaint as aistriú saoráideach idir bealaí NS1 agus NS2 ag baint leas as Cárta Leap TFI leis an táille 90 nóiméad TFI!

  • Sábháil suas le 30% ar tháillí airgid le do Chárta Leap TFI.

Cén áit ar féidir liom Cárta Leap TFI a cheannach?

Leabhrán:

Íoslódáil Leabhrán Seirbhísí Bhaile na hInse anseo