Seirbhísí Bus TFI

Pleanáil do Thuras Bus

  • Pleanálaí Turais: Bain úsáid as an bPleanálaí Turais TFI le do thuras a phleanáil.
  • Nuashonruithe Beo: Íoslódáil an Aip TFI Live le haghaidh eolais fíor-ama bus.
  • Amchláir: Féach ar Amchláir bus ar shuíomh gréasáin an TFI.

Bealach tapa agus éasca é Cárta Leap TFI le híoc as seirbhísí bus ar bhealaí bainteacha ar fud ghréasán iompair phoiblí TFI. Cuireann Cárta Leap TFI táillí ar fáil atá 30% níos saoire ná táillí singil airgid thirim, agus is féidir leat tairbhe a bhaint as Táille 90 Nóiméad TFI agus as uasteorannú táillí.

Oibreoirí Bus TFI

Bus Éireann

Feidhmíonn Bus Éireann 250+ bealach ar fud fad na hÉireann, ag freastal ar:

Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.buseireann.ie.

 

Bus Átha Cliath

Bus Atha Cliath Dublin Bus logo

Feidhmíonn Bus Átha Cliath 130+ bealach trasna na hArdchathrach.

Príomhghnéithe:

  • Flí de1,000+ busanna urlár-íseal atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí
  •  Wi-Fi ar fáil ar sheirbhísí
  • 2,500+ tiománaí thar an líonra

Seirbhísí Oíche agus 24-Uair:

Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.dublinbus.ie.

 

Nasc Áitiúil TFI

irish nasc tfi local link

Ceanglaíonn Nasc Áitiúil TFI pobail faoin tuath trasna na hÉireann le:

  • Seirbhísí Tuaithe Rialta: Bealaí beartaithe idir bailte agus sráidbhailte agus

Seirbhísí Doras-go-Doras: Iompar curtha in áirithe roimh ré agus solúbtha

Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar : Nasc Áitiúil TFI.

 

Go-Ahead Ireland

Feidhmíonn Go-Ahead Ireland 33 bealach lena n-áirítear:

  • Ceantar Uirbeach lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (ODMA) bealaí atá ina bpáirt den Líonra Bus Bhaile Átha Cliath.
  • Bealaí Comaitéireachta Bhaile Átha Cliath (DCOM) ó iosta na hUaimhe.

 Príomhfhíricí:

  • Flít de 225+ bus
  • Foireann de 800+ ball foirne áitiúla

Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.goaheadireland.ie

 

Oibreoirí Bus Tráchtála a oibríonn seirbhísí thar ceann Transport for Ireland

Andrew Wharton Coach Hire – Bealach 975

  • Ag freastal ar: an gCabhán → Longfort trí Chros Domhnaigh, Ármhach, Droim Lis.
  • Glactar leis an gCárta Leap.

Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo:  Bealach 975 An Cabhán Go Longfort.

JJ Kavanagh – Bealach 139

Bus 139 JJ Kavanagh

  • Ag freastal ar: An Uaimh → Baile Bhlainséir trí na Solláin, Claonadh, Ráth Chofaigh, Maigh Nuad, Léim an Bhradáin, Ongar.
  • Glactar leis an gCárta Leap.

Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo, le do thoil: Bealach 139 An Nás Go Baile Bhlainséir.

Finnegan Bray – Bealaí 143 agus 144

  • Ag freastal ar: Bhré, Seanchill, Baile Uí Lachnáin, Baile Breac, Cábán tSíle, Carraig an tSionnaigh, Áth an Ghainimh.

Chun teacht ar bhreis eolais, féach anseo, le do thoil. Bealach 143 and 144

 

City Direct – Seirbhísí Bus Chathair Chill Chainnigh

Kilkenny Bus Services by City Direct on behalf of TFI

Oibríonn City Direct Seirbhísí Bus Chill Chainnigh thar ceann TFI

  • KK1 Páirc Ghnó Dhainbhil go dtí an Gleann Bán
  •  KK2 Cnoc an Chillín go dtí Ospidéal Naomh Lúcás
  • Freastalaíonn an dá bhealach ar Shráid na Parlaiminte, Clós an Mhargaidh, Sráid Eoin Íochtarach.

Chun teacht ar bhreis eolais, féach ar Seirbhísí Chathair Chill Chainnigh, le do thoil.

 

Athdhearadh Ghréasán Bhaile Átha Cliath

Chun teacht ar bhreis eolais ar Athdhearadh Ghréasán Bhaile Átha Cliath, féach ar BusConnects Dublin Network Redesign, le do thoil