Tá feachtas ar bun ag Transport for Ireland (TFI) in éineacht le (Mar-Atáim), Carthanacht Uathachais na hÉireann, “Ullmhaigh mé …. Mar Atáim … le haghaidh iompar poiblí”. Tá sé mar aidhm leis seo uirlisí cabhracha a sholáthar do dhaoine a bhfuil uathachas orthu chun cabhrú leo iompar poiblí a úsáid.

Tá leabharlann d’acmhainní thíos chun daoine a bhfuil uathachas orthu a ullmhú agus cuidiú a thabhairt dóibh iompar poiblí a úsáid lena n-áirítear:

  • Pacáistí Gníomhaíochta
  • Cártaí eolais agus treoracha amhairc
  • Físeáin Teagaisc

As I Am Activity Packs As I Am Informatrion cards As I Am How-to videos

Boy on train with ear protetors

Is fiontar sóisialta nuálach é Ullmhaigh Mé Mar Atáim le haghaidh Iompair Phoiblí, lena gcruthaítear acmhainní ilmheánach chun cabhrú le hintuarthacht, eolas agus suaimhneas intinne a sholáthair do dhaoine a bhfuil uathachas orthu, agus chun teaghlaigh agus lucht tacaíochta a chur ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú do thuras ar líonra iompair phoiblí na tíre atá ag leathnú.