Is cúis áthais don Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI), faoina bhranda Transport for Ireland (TFI) agus i bpáirt le hÁras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), Ealaín ar a Gluaiseacht a fhógairt, tionscadal nua poiblí ealaíne atá ceaptha chun cruthaitheacht a chur sa ghnáthshaol ar fud Bhaile Átha Cliath.

As an gcomhar sin a dhéanfar saothar ealaíne a coimisiúnaíodh go speisialta a shuiteáil ar bhus de chuid TFI chun canbhás gluaiste a dhéanamh den fheithicil. Agus an bus ag taisteal tríd an gcathair, beidh an saothar ealaíne mar chuid de thurais laethúla na mílte daoine chun deiseanna spéise físiúla agus machnaimh a fhí isteach i ngnáthrithim an iompair phoiblí.

In Ealaín ar a Gluaiseacht 

In Ealaín ar a Gluaiseacht léirítear uaillmhian choiteann TFI agus IMMA chun an chruthaitheacht a cheiliúradh i ngluaiseacht laethúil na cathrach. Léargas ar ról Líonra TFI chun pobail a nascadh le chéile is ea an tionscadal, a gcomhtháthófar an ealaín chomhaimseartha sa líonra iompair phoiblí agus a gcuirfear eispéireas físiúil ar turas trí Bhaile Átha Cliath in éineacht leis na paisinéirí dá bharr.

Highlighting collaboration between cultural institutions and transport bodies

A bhuí leis an tionscnamh freisin a leagtar béim ar acmhainneacht an chomhair idir institiúidí cultúrtha agus comhlachtaí iompair. Tá sé mar aidhm don chomhoibriú idir TFI agus IMMA athshamhlú a dhéanamh ar ról an bhonneagair phoiblí chun tacú le heispéiris chultúrtha agus chun cur leis an timpeallacht laethúil.

Comhroinnfear tuilleadh sonraí faoin saothar ealaíne agus faoin ealaíontóir atá i gceist de réir dhul chun cinn an tionscadail.

Is éard is Ealaín ar a Gluaiseacht ann tús le comhpháirtíocht leanúnach agus comhthiomantas chun an ealaín a fhí isteach sa saol poiblí agus turais na ndaoine ar fud na cathrach a shaibhriú.

Tuilleadh Eolas

Tionscadal comhpháirtíochta idir IMMA (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann) agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) faoina bhranda Transport for Ireland (TFI) is ea Ealaín ar a Gluaiseacht. Is í an t-ealaíontóir Alberta Whittle, i gcomhar leis an bhfile Dagogo Hart agus The Poetry Vigilantes de chuid Fatima Groups United, a chruthaigh an saothar ealaíne don tionscadal Ealaín ar a Gluaiseacht.