Cuireann seirbhísí bhus Transport for Ireland ceangail áisiúla agus inacmhainne ar fáil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig Cathair Bhaile Átha Cliath agus chuig mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Feidhmíonn na bealaí Transport for Ireland seo a leanas ó Aerfort Bhaile Átha Cliath:
Bus Átha Cliath, Go-Ahead Ireland agus Bus Éireann atá i mbun na mbealaí sin.
Taispeánann na léarscáileanna thíos cá bhfaighidh tú Seirbhísí Bus TFI (Transport for Ireland) go lár chathair Bhaile Átha Cliath agus cinn scríbe eile.
Íoslódáil LÉARSCÁILCríochfort 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath
Íoslódáil LÉARSCÁILCríochfort 1 Aerfort Bhaile Átha Cliath-PDF

Is cárta taistil réamhíoctha é Cárta Leap TFI a thairgeann na táillí is ísle ar fud an iompair phoiblí, go minic suas le 30% níos saoire ná airgead tirim a íoc.
Is féidir é a úsáid ar:
Is féidir leat Cárta Leap TFI nó Cárta Cuairteora a cheannach ag na suíomhanna seo a leanas laistigh d’Aerfort Bhaile Átha Cliath:
Is féidir leat cárta a cheannach chomh maith:
Conas Airgead a Chur ar do Chárta Leap TFI
Tabhair faoi deara le do thoil má chuireann tú breis airgid ar do chárta ar líne, ní mór duit do chreidmheas nó do thicéad a bhailiú ag ionad díolacháin Chárta Leap TFI nó ag ionad bailithe ainmnithe eile.
Cárta Cuairteora
Is ticéad furasta iompair phoiblí é Cárta Cuairteora Leap TFI do thurasóirí agus do chuairteoirí ar Bhaile Átha Cliath. Is féidir leat taisteal gan teorainn ar feadh do thréimhse ama roghnaithe ar sheirbhísí Bhus Chathair Bhaile Átha Cliath (arna reáchtáil ag Bus Átha Cliath agus Go-Ahead Ireland), TFI Luas, DART agus seirbhísí iarnróid Comaitéara.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cliceáil anseo